News

Léirithe spéise i gceapachán Chathaoirleach an Bhoird Chomhairligh Achomharc um Limistéir Ainmnithe (DAAAB)

Date Released: Friday, April 28, 2017

Tá léirithe spéise á lorg ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i gceapachán Chathaoirleach an Bhoird Chomhairligh Achomharc um Limistéir Ainmnithe (DAAAB) – Limistéar um Chaomhnú Speisialta agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha.

Is é ról an Chathaoirligh cathaoirleacht a dhéanamh ar éisteachtaí achomhairc ag a ndéanann an Bord cinntí faoi mholtaí atá le tabhairt don Aire maidir le talamh atá le fágáil as limistéar ainmnithe beartaithe. Ní mór dó nó di sárscileanna cumarsáide a bheith aige nó aici, suim i gcaomhnú an dúlra agus gnóthaí réigiúnacha agus tuaithe nó eolas/taithí orthu, agus an cumas oibriú le daoine aonair agus grúpaí le dearcthaí éagsúla.

Ní mór Léirithe Spéise sa cheapachán seo bheith faighte faoi 5.30 pm ar an 19/5/17 ag daaab@npws.gov.ie.

Féach an t-eolas thíos d’iarrthóirí le haghaidh tuilleadh sonraí.