News

Fógra maidir leis an bhFliú Éanúil

Date Released: Tuesday, January 3, 2017

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu (30 Nollaig, 2016) go bhfuil fochineál H5N8 den fhliú éanúil deimhnithe in éan fiáin i gContae Loch Garman.  Bhí an lacha fhiáin - lacha rua - beo ach ní raibh sé in ann eitilt nuair a thángthas air i mBaile Loch Garman ar an 28 Nollaig.

Cé gur féidir leis an bhfochineál H5N8 galar tromchúiseach a chúisiú in éanlaith chlóis agus éin eile, dhearbhaigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte nár tuairiscíodh aon infhabhtuithe i ndaoine mar gheall ar an víreas seo in aon áit ar fud an domhain agus mar sin de, meastar go bhfuil an baol do dhaoine an-íseal.

Ní raibh an t-aimsiú gan choinne ós rud é go dtángthas ar an H5N8 ardphataigineach in éin fhiáine sa Bhreatain Mhór le coicís anuas, agus mar go dtagann sé seachtain amháin tar éis don Aire rialacháin a thabhairt isteach faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 lena n-éilítear go ndéantar éanlaith chlóis a chur faoi dhíon mar thoradh ar an mbaol méadaithe. Tá tuilleadh tástálacha á ndéanamh lena fháil amach an ionann an víreas agus an tréithchineál ardphataigineach atá le fáil faoi láthair sa Bhreatain Mhór agus ar an Mhór-Roinn. Ní bheidh torthaí na tástálacha sin ar fáil go dtí lár na seachtaine seo chugainn.

Tá sé á athdhearbhú ag an Roinn go bhfuil gá le bearta diana bithshlándála sa dóigh is nach dtabharfar an fliú éanúil isteach in ealtaí éanlaith chlóis agus éin ghafa.   Ba chóir d’úinéirí ealtaí bheith ag faire amach d’aon chomharthaí galair i measc a n-ealtaí agus aon amhras a thuairisciú don Oifig Tréidliachta de chuid na Roinne is gaire dóibh.

Freagracht as Freagrú don Fhliú Éanúil

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) freagrach as an bhfliú éanúil a rialú in éin agus mamaigh seachas daoine in Éirinn. Sa chomhthéacs sin, tá an phríomhfhreagracht ar an Roinn as ullmhú don FÉ in Éirinn agus as freagairt dó. Tá pleananna teagmhais curtha le chéile ag an RTBM. Sa chás go dtarlaíonn briseadh amach in Éirinn, beidh an RTBM i gceannas ar chomhordú agus maoirseacht ar an bhfeagairt agus cuirfidh siad Ionad Áitiúil um Ghalair a Chosc ar bun cóngarach don bhriseadh amach chomh maith le Lárionad Náisiúnta um Ghalair a Chosc, lonnaithe i dTeach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Beidh an SPNF ar cheann de na príomhpháirtithe a bheidh bainteach le haon fhreagairt ar bhriseadh amach den FÉ in Éirinn. Tá sainchomhairle á cur ar fáil ag an SPNF cheana don RTBM i ngeall le FÉ agus éin fhiáine.

Tá tuilleadh eolais maidir le FÉ ar fáil ar an suíomh gréasáin, www.agriculture.gov.ie. Is í uimhir chabhrach na Roinne Talmhaíochta agus Bia maidir leis an bhFliú Éanúil 076 1064403 agus is í an uimhir iar-ama 1850 200456