Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONeanna)

Roghnaigh Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONeanna) de réir contae ón liosta thíos:

An Cabhán
An Clár
An Iarmhí
An Longfort

An Mhí

Baile Átha Cliath
Ciarraí
Cill Dara

Corcaigh
Dún na nGall
Gaillimh
Laois
Liatroim
Loch Garman
Luimneach

Maigh Eo
Muineachán
Port Láirge
Ros Comáin
Sligeach
Tiobraid Árann

Uibh Fhailí

 

Is é an bunainmniúchán don fhiadhúlra ná an Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (LON). Limistéar is ea é seo a mheastar a bheith tábhachtach do na gnáthóga atá ann nó ina bhfuil speicis phlandaí agus ainmhithe ar gá a ngnáthóg a chosaint.

Go dtí seo, tá cosaint dlíthiúil tugtha do 75 phortach ardaithe, lena gclúdaítear thart faoi 23,000 heicteár. Tá na portaigh ardaithe seo suite i lár na tíre go príomha. Tá 73 bhratphortach eile ann, lena gclúdaítear 37,000 heicteár, ainmnithe mar LONanna freisin, agus is i limistéir an iarthair go príomha atá siad lonnaithe.

Lena chois sin, tá 630 LONanna molta ann, a foilsíodh ar bhonn neamhreachtúil in 1995, ach nár moladh ná nár ainmníodh go reachtúil ó shin. Láithreáin arb ábhar suntais iad ó thaobh a bhfiadhúlra agus a ngnáthóg is ea iad. Tá cuid de na limistéir seo atá molta iontach beag ar fad, amhail áit fhara d’ialtóga tearca. Limistéir mhóra atá i gcinn eile – coillearnach nó loch, mar shampla. Clúdaíonn na LONanna molta seo amuigh is istigh ar 65,000 heicteár agus rachaidh an t-ainmniúchán ar aghaidh ar bhonn céimnithe i gcaitheamh na mblianta atá le teacht. Níl Achoimrí ar Láithreáin ar fáil faoi láthair le haghaidh LONanna molta.

Tá liosta de láithreáin gheolaíochta/gheomoirfeolaíochta ar gá a chosaint trí hiad a ainmniú mar LON á thiomsú ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann. Soláthraíonn coiste de gheolaithe saineolacha liosta tosaigh de láithreáin, a chuirtear faoi phróiseas suirbhéireachta, tuairisceoireachta agus athbhreithnithe ansin, chun moltaí a sholáthar maidir le stádas mar LON nó stádas eile. Tá a liosta de láithreáin charst (aolchloch nochtaithe) agus luathláithreáin iontaise críochnaithe ag SGÉ.

Bíonn LONanna molta faoi réir ag cosaint theoranta sula n-ainmnítear go reachtúil iad, i bhfoirm:

· Pleananna na Scéime um Chaomhnú an Chomhshaoil Faoin Tuath (REPS),a éilíonn go gcaomhnófar LONanna molta, agus a bhíonn i bhfeidhm ar feadh 5 bliana.

· Ceanglas Seirbhíse Foraoise go bhfaighfear ceadú ón tSPNF sula n-íocfaidh siad deontais fhoraoisiúcháin ar thailte LONanna molta.

· Aitheantas ó Údaráis Phleanála agus Cheadúnúcháin ar luach éiceolaíochta LONanna molta

 

Faoin Acht um Fhiadhúlra (2000), tá cosaint an dlí ag LONanna i leith damáiste ón dáta a mholtar go foirmiúil iad le haghaidh ainmniúcháin.

Tá an t-achoimre ar láithreáin na LONanna go léir ar fáil anseo sa chomhad winzip Achoimre ar Gach Láithreán LON.

Cliceáil anseo le haghaidh sonraí an Chórais Fhaisnéise Gheografaí ar Láithreáin na LONanna.