Foilseacháin & Litríocht

Foilsíodh an plean caomhnúcháin don chnádán in 2002 mar Lámhleabhar um Fhiadhúlra na hÉireann Uimh. 10: [493KB]. Foilsíodh ceithre Phlean Aicsean Uile-Éireannacha i leith Speiceas lenar clúdaíodh an Giorria, an Traonach, an Pollán agus Magairlín an Chúilín Gaelaigh, i mí na Samhna 2005 (Plean Aicsin i leith Speicis [493KB]).
Foilsíodh pleananna aicsin i leith speicis (Poblacht na hÉireann amháin) don Dobharchú (Plean Aicsin i leith Speiceas an Dobharchú [200B]) agus an Drúchtín Ballach (Plean Aicsin i leith Speiceas an Drúchtín Ballach [176KB]) i mí Eanáir 2008.

Táthar ag cur na seacht bplean seo i ngníomh faoi láthair.
Tá rún daingean ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le Pleananna Aicsin i leith Speiceas (PASeanna) a ullmhú i gcomhair na speiceas is mó a bhfuiltear buartha futhu ó thaobh iad a chaomhnú. Tá cóipeanna de phleananna aicsin atá foilsithe agus de dhréachtphleananna aicsin ar fáil le híoslódáil.
Foilsítear tuairiscí de bhun thionscadail an Bhrainse Taighde go rialta mar Lámhleabhair um Fhiadhúlra na hÉireann. Foilsíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na himleabhair ar bhonn neamhrialta, agus déileálann siad go sonrach le tuairiscí a bhaineann le caomhnúchán gnáthóg agus speiceas in Éirinn a bhainistiú.
Táirgeadh Pleananna Bainistíochta Caomhnúcháin do chuid mhaith de Láithreáin na Limistéar Caomhantais Speisialta. Ar phleananna bainistíochta eile a foilsíodh le déanaí, tá na cinn sin do Pháirceanna Náisiúnta Chill Airne agus do Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Breathnaigh ar na codanna den suíomh idirlín maidir le Páirceanna Náisiúnta agus Láithreáin Chaomhnúchain le haghaidh tuilleadh faisnéise agus chun cáipéisí an phlean a íoslódáil. Is féidir leat cáipéisí an phlean a íoslódáil lenár n-uirlis mhapála idirghníomhach freisin.

D’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann imeachtaí comhdhála ‘Fásra na hEorpa san 21ú hAois’, a reáchtáladh i nGaillimh in 2005 mar eagrán speisialta Bitheolaíochta agus Chomhshaoil.
Tá breis is 1,800 iontrálacha ar bhunachar sonraí Fhoilseachán na SPNF faoi láthair. Tuairiscí agus foilseacháin a tháirg an tSPNF nó a táirgeadh di ón gcuid deiridh de na 60aidí atá iontu seo go príomha.
Táthar ag scanadh tuairiscí a mbítear á n-iarraidh go rialta, ach nach bhfuil ar fáil i bhfoirm dhitigeach faoi láthair, ionas gur fearr mar a bheifear in ann teacht ar thuairiscí tríd an suíomh idirlín.

Le haghaidh faisnéise poiblí ar an gComhshaol, breathnaigh ar shuíomh idirlín ENFO.