Ag Cruinniú Mullaigh an Domhain in Rio de Janeiro in 1992, rinne ceannairí an domhain comhaontú maidir le straitéis chuimsitheach don “fhorbairt inbhuanaithe” -- ag comhlíonadh ár riachtanas agus á chinntiú ag an am céanna go bhfágfaimid domhan sláintiúil inmharthana do na glúine amach anseo. Ceann de na comhaontuithe buntábhachtacha a ndeachthas leis ag Rio ná an Coinbhinsiún um Éagsúlacht Bhitheolaíochta. Leagann an comhaontú seo i measc fhormhór mór na rialtas ar domhan gealltanais amach chun buntacaí éiceolaíocht an domhain a choinneáil ar bun agus muid i mbun ghnó na forbartha eacnamaíochta. Leagtar trí phríomhsprioc síos sa Choinbhinsiún: éagsúlacht na bitheolaíochta a chaomhnú, a comhchodanna a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, agus na sochair de thoradh úsáid acmhainní géiniteacha a roinnt ar bhealach cothrom cothromasach.
Tá Éire ar shínitheoirí an Choinbhinsiúin seo agus gheall sí mar gheall air sin go gcuirfeadh Éire caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na héagsúlachta bitheolaíochta chun cinn.
Chuaigh Comhdháil na bPáirtithe le comhaontú forlíontach a bhí ag gabháil leis an gCoinbhinsiún i mí Eanáir 2000, a dtugtar Prótacal Cartagena um Bhithshábháilteacht air. Féachann an prótacal le héagsúlacht na bitheolaíochta a chosaint ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht de bharr orgánaigh bheo mhionathraithe a thiocfaidh de thoradh cleachtas nua-aimseartha bith-theicneolaíochta. Tabhair cuairt ar Shásra an Choinbhinsiúin le haghaidh Ionaid Imréitigh i gcomhair tuilleadh faisnéise.
Coinbhinsiúin agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta Eile
Comhaontú idirnáisiúnta idir Rialtais is ea CITES (an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol). Is é a aidhm ná a chinntiú nach gcuireann trádáil idirnáisiúnta i speicis ainmhithe agus phlandaí fiáine buaine na speiceas sin i mbaol.
Coinbhinsiún Bonn
Féachann an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú Speiceas Imirceach d'Ainmhithe Fiáine (a dtugtar CMS nó Coinbhinsiún Bonn air freisin) le speicis imirceacha thalúnda, mhuirí agus éanúla a chaomhnú ar feadh raon iomlán na limistéar ina mbíonn siad. Conradh idir-rialtasach is ea é, ar cuireadh clabhsúr leis faoi scáth Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, a bhaineann le fiadhúlra agus gnáthóga a chaomhnú ar scála domhanda. Ó tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm, tá a bhallraíocht fásta de réir a chéile go dtí 92 Pháirtí (faoi mar a bhí an 1 Lúnasa) ón Afraic, Meiriceá Láir agus Theas, an Áise, an Eoraip agus an Aigéine.Tá an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga san áireamh sna príomhphíosaí reachtaíochta lena chinntiú go bhfeidhmítear forálacha choinbhinsiún Bonn.
Coinbhinsiún Bern
Páirtí conarthach is ea an Comhphobal Eorpach don Choinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa a ndeachthas leis ag Bern an 19 Meán Fómhair 1979. Is é aidhm an choinbhinsiúin seo ná chinntiú go gcaomhnófar fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa trí chomhoibriú idir ballstáit. Comhordaíonn Coinbhinsiún Bern gníomhartha Stát na hEorpa maidir le bheith ag dul le comhchaighdeáin agus comhbheartais le haghaidh úsáid a bhaint as an éagsúlacht bhitheolaíochta ar bhealach inbhuanaithe, rud a chabhraíonn le cáilíocht an tsaoil d'Eorpaigh a fheabhsú agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Conradh idir-rialtasach is ea Coinbhinsiún Ramsar (www.ramsar.org), an Coinbhinsiún um Bhogach, a síníodh i Ramsar na hIaráine in 1971, agus a sholáthraíonn an chreatlach le haghaidh aicsin náisiúnta agus comhoibrithe idirnáisiúnta chun bogach agus a acmhainní a chaomhnú agus a úsáid go stuama. Tá 147 bPáirtí Chonarthacha don Choinbhinsiún faoi láthair, le 1524 láithreán bogaigh, arb ionann é agus 129.2 milliún heicteár, atá ainmnithe le cur san áireamh i Liosta Ramsar de Bhogach a mBaineann Tábhacht Idirnáisiúnta Leo.
An Coinbhinsiún um Oidhreacht an Domhain
Nascann Coinbhinsiún 1972 um Oidhreacht an Domhain na coincheapa maidir le caomhnú an dúlra agus buanchoimeád maoine cultúir le chéile in aon cháipéis amháin. Aithníonn an Coinbhinsiún an bealach a idirghníomhaíonn daoine leis an dúlra, agus an gá bunúsach go gcaomhnófaí an chothromaíocht idir an dá rud.
Coinbhinsiún OSPAR
Is é Coinbhinsiún OSPAR 1992 an ionstraim reatha a threoraíonn comhoibriú idirnáisiúnta maidir le comhshaol muirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint. Thug sé Coinbhinsiún Osló 1972 maidir le dumpáil dramhaíola ar muir le chéile le Coinbhinsiún 1974 Pháras maidir le foinsí talúnda d’ábhar truaillithe na mara, agus thug Coinbhinsiún OSPAR an dá choinbhinsiúin sin cothrom le dáta.