Plandaí Níos Airde

Úsáidtear an téarma 'Plandaí Níos Airde’ chun cur síos a dhéanamh ar phlandaí bláthanna, a bhfuil a struchtúir atáirgeacha le fáil i mbláthanna agus a síolta iniata i dtorthaí, lena n-áirítear bláthanna fiáine, féir, luachra, cíbeanna, toir, crainn dhuillsilteacha agus roinnt crann síorghlas; agus na Buaircínigh, a n-iompraítear a struchtúir atáirgeacha i mbuaircíní. Tír faoi chrainn ab ea Éire tráth, mar a bhí an chuid eile d'Iarthar na hEorpa. De mar a théigh aeráid na hÉireann tar éis na hOighearaoise deiridh, thart faoi 10,000 bliain ó shin, leathnaigh crainn ar fud an tírdhreacha. Níorbh fhada go raibh foraoisí ar fud fhormhór na tíre, arna gcomhdhéanamh den Dair, Leamhán, Phéine Albanach, Fearnóg agus Coll. Is é an chúis go bhfuil Éire ina breacachan de pháirceanna glasa, fálta sceach agus portaigh fhraoigh anois ná an duine go príomha, ag tosú le teacht an duine Neoilitigh thart faoi 5,000 bliain ó shin. Thosaigh na feirmeoirí luatha seo ag glanadh talún le haghaidh barr agus táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas seo go dtí an lá atá inniu ann – cibé trí thalamh a ghlanadh go gníomhach don fheirmeoireacht, d’fháschoillte buaircínigh, nó mar gheall ar ró-innilt ag beithígh, caoraigh agus fianna. Cuireadh dlús leis an bpróiseas le foraoisí na tíre a ghlanadh den talamh sa seachtú agus san ochtú haois déag agus inniu, níl ach geadáin de dhoirí dúchasacha fós ann ar dhrochithreacha aigéadacha nó ar limistéir chnocacha. Is é an crann is fairsinge a bhíonn le feiceáil ná an Dair Ghaelach, agus bíonn an Cuileann coitianta freisin. Crann an-choitianta i gcoillearnacha na hÉireann is ea an Bheith freisin, agus bíonn an Caorthann, an Coll, agus an tIúr le feiceáil freisin. San áireamh leis na plandaí bláthanna a bhíonn le feiceáil go coitianta in ár gcoillearnacha nádúrtha tá an Fraochán, an tSeamsóg agus an Giúnach. Tá coill Iúir ar leith in aice le Cill Airne san áireamh i gcineálacha eile de choillearnacha na hÉireann, chomh maith le scrobarnach Coill, a bhíonn coitianta ar an aolchloch in iarthar na tíre. In áiteanna, fásann crainn arda fuinseoige i measc na gcrann Coill. Sna coillearnacha seo arb é an Fhuinseog is coitianta iontu, feictear an Bheith, an Phoibleog agus an Caorthann freisin, agus an Leamhán ar uairibh. San áireamh le toir dhúchasacha na coillearnaí bíonn an Crann Feorais, an Chonbhaiscne, an Chaor Chon, agus an Paide Bréan. Crainn thábhachtacha is ea an Fhearnóg, an Bheith agus an tSaileach i stráicí coillearnaí a bhíonn taobh le haibhneacha agus cladaigh locha. Tá cáil ar réigiún na Boirne, i gcontaetha an Chláir agus na Gaillimhe, as a bhláthanna fiáine, lena n-áirítear plandaí a fheictear i ndeisceart na hEorpa agus i réigiúin Alpacha-Artacha de ghnáth. Ilbhliantóg bheag le bláthanna geala gorma is ea an Ceadharlach Bealtaine. Bláth sléibhe is ea é a bhíonn le fáil i gcuid mhór den Eoraip mar sin is spéisiúil go bhfásann sé ar mhóin ghearr thar aolchloch ar airdí ísle sa Bhoireann. Tá roinnt de na samplaí is fearr de bhratphortaigh agus phortaigh ardaithe ar domhan in Éirinn go fóill. Breacachain d’fhéir, chaonaigh, léicin, sheiscí agus fhraoigh is ea portaigh na hÉireann. Féir righne agus seiscí is mó a bhíonn le feiceáil ar bhratphortaigh agus is iad na Caonaigh Sfagnaim a chlúdaíonn portaigh ardaithe. Cónaíonn plandaí a itheann feithidí i bportaigh freisin, na drúchtíní, na bodáin mheascáin agus lusanna an bhorraigh. Is féidir lus na feannóige, mónóga agus fraochán a phiocadh ar phortaigh, agus is féidir Sciollam na Móna, an Báchrán agus an Raideog a fheiceáil. Bíonn móinéir fhliucha ('caladh’) san áireamh le talamh féaraigh Éire na linne seo chomh maith le móinér thirime, talamh ard agus tailte féaraigh cois bóthair. Tá thart faoi 85 faoin gcéad de limistéar talún na hÉireann comhdhéanta de thalamh féaraigh (65%), páirceanna talmhaíochta do ghránbharra, galfchúrsaí agus plásóga. Is iad na limistéir a bhfuil ardleibhéal bithéagsúlachta iontu ná iad sin a bhfuil saibhreas speiceas féir agus plandaí bláthanna luibheacha iontu. San áireamh le féir dhúchasacha na hÉireann tá Coinfhéar, Cynosurus cristatus, agus Féar an Chinn Bháin, Holcus lanatus. San áireamh le bláthanna tailte féaraigh tá Cab an Ghasáin, Airgead Luachra, Crobh Préacháin, Lus Síoda, Lus Buí Bealtaine, Biolar Gréagáin agus na magairlíní. Plandaí coitianta ar thailte féaraigh cois bhóthair ná Peirsil Bhó, Feabhrán agus Máirtín Fiáin. Is lú líon iomlán na bplandaí bláthanna atá in Éirinn ná mar atá sa Bhreatain, ach tá cúig phlanda dhéag ann a fhásann in Éirinn agus nach bhfuil le fáil sa Bhreatain, lena n-áirítear baill na fine fraoigh, móráin, an magairlín (Neotinea maculata), agus planda a itheann feithidí, an Leith Uisce, Pinguicula grandiflora. Tá na plandaí is gaire gaoil leo le fáil i dtíortha na Meánmhara agus tugtar Plandaí Lúsatánacha ar ghrúpa na bplandaí dúchasacha speisialta seo. Tá an Chaithne, Arbutus unedo, ar cheann de na plandaí uathúla seo a bhíonn le fáil ó thíortha na Meánmhara go dtí an Bhriotáin. Tá duillí síorghlasa air, coirt chalógach agus táirgeann sé torthaí cruinne dearga.

Ceadharlach Bealtaine Gentiana verna

Ceadharlach Bealtaine Gentiana verna (Grianghraf: Mike Brown) Tionscadail reatha

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra, 7 Plás Ely, Baile Átha Cliath 2. Fón: +353 1 8882000 Facs: +353 1 8883272