Iora Glas

Ainm Eolaíochta: Sciurus carolinensis

Tagann an t-iora glas ó choillearnacha duillsilteacha oirthear na Stát Aontaithe agus Cheanada. Scaoileadh roinnt ioraí glasa saor i gCo. an Longfoirt in 1911 agus bíonn an t-ainmhí le fáil i 20 contae anois agus is dócha go rachaidh sé amach ar fud na tíre. Is gasta mar atá sé ag baint amach an stádais mar an t-iora is coitianta dár gcuid, ag teacht in ionad an iora rua, ár n-iora dúchasach.  

Tá cóta liathdhonn ar an iora glas. D'fhéadfadh cuma rua a bheith ar an bhfionnadh ar a dhroim i rith an tsamhraidh. Tá an bolg bán. Bíonn an t-iora glas gníomhach i rith an lae agus caitheann siad go leor dá gcuid ama ar an talamh. Bíonn siad á mbeathú féin le síolta ó chrainn leathanduilleogacha agus bíonn siad le fáil mar sin i gcoillearnacha leathanduilleogacha agus measctha na hÉireann, i bhfálta sceach, páirceanna agus gairdíní. 

Úsáideann ioraí craobhóga agus coirt chrainn chun neadacha móra sféaracha a thógáil, a dtugtar ‘dreys’ sa Bhéarla orthu, agus leagann siad sraitheanna duilleog, féir agus caonaigh thart timpeall iontu. Féadfaidh iora aonair roinnt neadacha a úsáid sa raon talún a ghnáthaíonn sé. Úsáideann siad neadacha oscailte sa samhradh, ach bíonn na neadacha fálaithe sa gheimhreadh agus bíonn cruth sféarach orthu ionas gur mó an foscadh a bheidh acu. 

Bíonn aiste bia leathan ag ioraí glasa, lena n-áirítear measa fáibhile, cnónna coill, buaircíní péine, agus dearcáin. Stróiceann ioraí coirt chrainn de chrainn leathanduilleogacha chun teacht ar an sú an-siúcrúil a bhíonn thíos faoi.

Toisc go gcaitheann ioraí glasa go leor ama ar an talamh, tagann siad ar stórais bhia uaireanta a bhíonn curtha i bhfolach ag ioraí rua agus déanann siad ruaig chreiche ar stórais na n-ioraí rua. Caitheann siad níos mó am i mbarr na gcrann i rith an tsamhraidh agus iad ag cuardach bia. Déanfaidh ioraí glasa ruaig chreiche ar gheadáin ghlasraí, ar bharra glasraí fréimhe, ar úlghoirt agus ar na mionstórais bhia a fhágann daoine amach d’éin.

Tarlaíonn an síolrú idir mí na Nollag agus Iúil. Bíonn idir trí agus seacht n-iora óga in ál de ghnáth agus tagann siad ar an saol gan fhionnadh agus gan radharc na súl. Baintear den diúl iad tar éis 10 seachtaine nó mar sin. Ní thagann formhór na n-ioraí glasa slán as a gcéad gheimhreadh.

Iora Glas
Iora Glas
Sciurus carolinensis (Grianghraf: Mike Brown)

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra, 7 Plás Ely, Baile Átha Cliath 2. Fón: +353 1 8882000 Facs: +353 1 8883272