Is éard is inveirteabraigh ann ná ainmhithe gan chnámha droma. Is iomaí ainmhí atá sa ghrúpa seo: inveirteabraigh is ea thart faoi 90% de speicis na n-ainmhithe is eol a bheith ann. San áireamh sa ghrúpa seo tá: na Spúinsí, Eicínideirmeacha, Péisteanna Deighleogacha, Súmairí, Leithphéisteanna, Cruinnphéisteanna, Eicteaprachtaí, Iontaprachtaí, Bracapóid, Céileantráití, Moilisc agus Artrapóid.
Is iad na Spúinsí (Phylum Porifera) na cineálacha inveirteabrach ilcheallach is simplí. Tá spúinsí fionnuisce ann le cois na speiceas muirí níos coitianta. Bíonn péisteanna deighleogacha le fáil san fharraige, i bhfionnuisce agus san ithir; mar shampla, péisteanna agus cuiteoga anailideacha muirí. Tá ainmhithe amhail an smugairle róin, hiodraí, coiréalaigh agus bundúin leice san áireamh leis an ngrúpa Phylum Coelenterata.
Maireann moilisc ar an talamh, san fharraige agus i bhfionnuisce, agus tá seilidí drúchta, seilmidí, bairnigh, breallaigh, oisrí, ochtapais agus scuideanna san áireamh leo. Moileasc tábhachtach amháin a bhíonn le fáil i bhfionnuisce na hÉireann ná Diúilicín Péarla Fionnuisce na Feoire, Margaritifera durrovensis. Tá an speiceas seo i mbaol agus faoi chosaint dhlí na hÉireann faoin Acht um Fhiadhúlra, agus faoi dhlí na hEorpa faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Thángthas ar Dhiúilicín Péarla Fionnuisce na Feoire den chéad uair agus ainmníodh é mar speiceas nach raibh an t-aos eolaíochta ar an eolas faoi roimhe, in 1928, agus is in Abhainn na Feoire atá an t-aon phobal amháin, is eol a bheith sa domhan ar fad, le fáil. Is go han-mhall a fhásann Diúilicíní Péarla agus is féidir leo maireachtáil go mbaineann siad breis 100 bliain d'aois amach. Tá stádas an speicis seo i bhfíorbhaol ar fad toisc nár éirigh le haon iarrachtaí diúilicíní óga a earcú le 20 bliain anuas. Ceaptar go mbaineann meathlú an mhoilisc leochailigh seo le cáilíocht ghrinneall agus uisce na habhann a bheith faoi bhrú ina ghnáthóg.
Ainmhithe a mhaireann san fharraige amháin is ea na hEicínideirmeacha (rud a chiallaíonn ‘craiceann deilgneach') – na crosóga mara, gráinneoga trá, cleití mhara, crosóga briosca agus súmairí cladaigh. Grúpa an-seanda ilchineálach is ea na hEicínideirmeacha. Bíonn crosóga mara, ceann de na hainmhithe cladaigh is coitianta dá bhfuil againn, ag lámhacán go mall ar thart faoi 1,000 cos feadánach, a bhíonn forbartha go maith agus á rialú go hiodrálach. Feoiliteoirí is ea iad agus is féidir leo a mbolg a iompú amach agus thart timpeall ar a gcreach. Úsáideann siad an iomaí cos feadánach atá orthu chun sliogáin na mbreallach a oscailt agus is féidir le go leor speiceas filltíní an bhoilg atá iompaithe amach a scaoileadh isteach i mbéal an bhreallaigh chun tosú ar an mbreallach a ithe.
Is iad na hArtrapóid an grúpa ainmhithe is líonmhaire. Tá cnámharlach seachtrach ar artrapóid agus géaga ina bpéireanna altacha orthu. Tá Crústaigh, Feithidí agus Damháin Alla san áireamh i ngrúpa an Phylum Arthropoda. Tá portáin, gliomaigh, ribí róibéis, crill, giúrainn agus míolta críona san áireamh le Crústaigh. Áirítear gliomaigh i measc na n-inveirteabrach is mó. Tá gliomach fionnuisce, a dtugtar an Gliomach Fionnuisce Báningneach, Austropotamobius pallipes, air, fairsing i srutháin agus lochanna ísealchríche a bhfuil an-chuid aoil iontu. Baineann tábhacht idirnáisiúnta lenár bpobal gliomach toisc nach bhfuil an plá a bhíonn ar speicis ghliomaigh fhionnuisce Mheiriceá orthu go fóill. Bíonn an plá sin le fáil sa chuid eile den Eoraip anois. Tá an Gliomach Fionnuisce Báningneach faoi chosaint faoi Choinbhinsiún Bheirn agus faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus faoi Achtanna na hÉireann um Fhiadhúlra.
Grúpa ilchineálach is ea na Feithidí, a bhfuil foichí san áireamh leo chomh maith le beacha, seangáin, cuileoga, ciaróga, frídeanna, gailseacha, dreoilíní teaspaigh, snáthaidí móra, béchuileanna gormghlasa, féileacáin agus leamhain. Thángthas ar bhéchuil ghormghlas na hÉireann, Coenagrion lunulatum, in 1981 den chéad uair. Bíonn sí le fáil i gcoilíneachtaí beaga i lochanna méiseatrófacha ar foscadh agus i linnte ar mheánmhéide i bportaigh réitigh i bhFear Manach, Tír Eoin, Ard Mhacha agus Muineachán.
Is é an Fritileán Réisc, Euphydras aurinia, aon speiceas féileacáin na hÉireann atá faoi chosaint faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Bhíodh an speiceas seo fairsing tráth, ach chuaigh líon na bhfritileán réisc i laghad go mór i rith an 20ú aois toisc gur cailleadh féarthailte neamhshaothraithe; toisc go raibh beithígh ag déanamh ró-innilte ar na gnáthóga a bhí fágtha; agus toisc go mbíonn limistéir fhairsinge riachtanach dóibh le haghaidh a ngnáthóige chomh maith le conairí fairsinge fiadhúlra. Meastar anois go bhfuil sé ar cheann de na speicis is mó atá i mbaol san Eoraip, mar sin, baineann tábhacht idirnáisiúnta le pobal Fritileán Réisc na hÉireann.
Fritileán Réisc Euphydryas aurinia (Grianghraf: Mike Brown)
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra, 7 Plás Ely, Baile Átha Cliath 2. Fón: +353 1 8882000 Facs: +353 1 8883272