Tír ina bhfuil gnáthóga éagsúla is ea í Éire. Is breacachan í de thalamh feirme, choillearnach, aillte agus riasc, dumhcha, uaimheanna, fraochmhánna, raithneach mhór, talamh féaraigh, portach, seascainn agus borrfháis, turlaigh, lochanna agus linne, fuaráin agus moingeanna. Tá cósta breis is 7,800 ciliméadar ar a fhad againn. Tá cuid mhór speiceas i ngach ceann de na gnáthóga seo, roinnt díobh atá coitianta, roinnt atá tearc agus roinnt nach bhfuil le fáil ach in Éirinn amháin.
Tá amuigh is istigh ar 815 speiceas de phlandaí bláthanna in Éirinn chomh maith le thart faoi 80 speiceas dúchasacha den raithneach, breis is 700 speiceas caonaigh agus aelusa, 3,500 speiceas fungais, breis is 1,000 léicean agus 1,400 alga. Tá 22 speiceas de mhamaigh thalúnda in Éirinn, naoi speiceas sciatháin leathair nó ialtóg, dhá speiceas róin, agus chonacthas 24 speiceas de mhíolta móra agus deilfeanna in uiscí na hÉireann. Taifeadadh thart faoi 425 speiceas éin, a mbíonn amuigh is istigh ar a leathchuid ag síolrú anseo, agus níl an Chearc Fhraoigh, an Scréachóg agus an Meantán Dubh le fáil ach in Éirinn amháin. Is é an Laghairt Bheobhreitheach an t-aon reiptíl talúnda a bhaineann le hÉirinn, seachas an t-Earcán Caoch, a tugadh isteach sa Bhoireann le déanaí. Tá trí speiceas amfaibiaigh againn, an Niút Mín, an Frog Coiteann agus an Cnádán. Cónaíonn na mílte móra inveirteabrach in Éirinn, an ceann is cáiliúla ná an Drúichtín Ballach, Geomalacus maculosus. Tá seacht speiceas fichead d’éisc fhionnuisce le fáil in ár lochanna agus aibhneacha.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an mbealach a chosnaítear bithéagsúlacht na hÉireann, cliceáil ar an nasc seo a leanas: An Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise ar láithreáin atá spéisiúil ó thaobh cúrsaí caomhnúcháin in Éirinn.
Chun tuilleadh a léamh faoi speicis na hÉireann, roghnaigh ceann de na cinn seo a leanas:
Plandaí níos airde |
|
Reiptíleanna |
Plandaí níos ísle |
Éin |
|
Fungais agus Léicin |
Éisc |
|