Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú. San áireamh le roinnt de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí dá bhfuil againn tá:
· Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONanna),
Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSeanna), agus
Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCSeanna) a ainmniú agus a chosaint.
· Ár bPáirceanna Náisiúnta agus Tearmainn Dúlra a bhainistiú agus a fhorbairt.
Cliceáil chun níos mó a fhoghlaim Fúinn.
| An Bhithéagsúlacht – ilghnéitheacht iontach na bplandaí agus na n-ainmhithe |
Téarma is ea an Bhithéagsúlacht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar ilghnéitheacht na nithe beo ar an Domhan. Bíonn meastacháin ar líon iomlán na speiceas ar domhan idir 5 agus 100 milliún, creidtear gur thart faoi 14 milliún an meastachán is fearr. Tá an bhithéagsúlacht ina cuid bhunúsach dár saol laethúil - ag soláthar dúinn ár mbia ar fad, cuid mhór dár n-amhábhar agus go leor dár gcógais leighis. Ceapadh ár bPlean Náisiúnta Bithéagsúlachta in 2002. Foghlaim faoi thionscnaimh Bhithéagsúlachta na hÉireann, na hEorpa agus thionscnaimh Bhithéagsúlachta Idirnáisiúnta. |
 |
|
| Faisnéis d’Úinéirí Talún |
Oibríonn an tSPNF le húinéirí talún chun cabhrú lenár n-oidhreacht nádúrtha a bhainistiú. Más úinéir talún nó feirmeoir thú, is féidir leat foghlaim faoi na himpleachtaí a bhaineann le láithreán a bheith ainmnithe mar Limistéar Oidhreachta Náisiúnta, Limistéar Caomhantais Speisialta nó Limistéar faoi Chosaint Speisialta anseo. |
|
|
| Léarscáileanna agus Sonraí |
Córas Faisnéise Geografaí (GIS) atá ar bun ar an idirlíon is ea Breathnóir Léarscáile na SPNF a ligeann d’úsáideoirí breathnú ar shonraí agus ar bhonn-léarscáileanna na SPNF. |
 |
|
| |
| Tuairimí & Moltaí |
An bhfuil tuairim nó moladh agat dúinn? Má tá, tabhair d’aiseolas dúinn le do thoil. |
|
|
|